Cath idir an Pobal agus an Murder Machine: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023

Author:   Kerron Ó Luain
Publisher:   Bradan Feasa
ISBN:  

9798349317422


Pages:   622
Publication Date:   15 May 2025
Format:   Paperback
Availability:   Available To Order   Availability explained
We have confirmation that this item is in stock with the supplier. It will be ordered in for you and dispatched immediately.

Our Price $66.00 Quantity:  
Add to Cart

Share |

Cath idir an Pobal agus an Murder Machine: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023


Add your own review!

Overview

Tugann an Dr Kerron Ó Luain iniúchadh leitheadach ar chaoga bliain de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn. Bunaithe ar thaighde staire béil, chomh maith le foinsí cartlainne agus meán, tugann an saothar seo léargas ar leith ar an gcaoi ar oibrigh pobail ar fud na hÉireann chun earnáil iomlán nua Gaelscolaíochta a thógáil, go minic d'ainneoin fórsaí stáit, coilíneacha agus nualiobrálacha. Roimh do Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta teacht in inmhe sna 1970í is beag duine a shamhlódh go mbeadh fás as cuimse i ndán do scoileanna lán-Ghaeilge na tíre. Bhí drochbhail ar an nGaelscolaíocht in Éirinn, í ag dul i léig, faoi ionsaí ag an earnáil stáit sa dá dhlínse agus gan tacaíocht i gceachtar acu. In ""Cath idir an pobal agus an Murder Machine"" Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 déantar anailís ar an gcaoi ar éirigh le gnáth-Ghaeil an taoide a iompú. Baintear leas as breis agus caoga agallamh le gníomhairí agus oideachasóirí, mar aon le nuachtáin na linne agus cáipéisí stáit, chun forbairt na gluaiseachta a chíoradh. Anailís ghéarchúiseach atá sa leabhar, trí lionsaí an díchoilínithe agus aicme, ar ghluaiseacht fhorásach arbh éigean di dul in adharca le córais chaipitleacha agus choilíneacha an dá stát, nó an murder machine, chun a spriocanna a bhaint amach. Déanann an saothar ceannródaíoch seo, an chéad fhoilseachán de Bhradán Feasa, inphrionta de Iskra Books, an stair áitiúil a nascadh le léargais idirnáisiúnta ar ghluaiseachtaí teanga agus streachailtí oideachais. Is cuntas staire agus teistiméireacht phoiblí é, ag nochtadh na féidearthachta a bhaineann le múnlaí oideachais faoi stiúir an phobail agus eagrúchán ón mbonn aníos. Is acmhainn ríthábhachtach é an leabhar seo do scoláirí staire, teangeolaíochta agus oideachais, agus d'éinne atá tiomanta do thodhchaí bheo a thógáil don Ghaeilge.

Full Product Details

Author:   Kerron Ó Luain
Publisher:   Bradan Feasa
Imprint:   Bradan Feasa
Dimensions:   Width: 14.00cm , Height: 3.50cm , Length: 21.60cm
Weight:   0.708kg
ISBN:  

9798349317422


Pages:   622
Publication Date:   15 May 2025
Audience:   General/trade ,  General
Format:   Paperback
Publisher's Status:   Active
Availability:   Available To Order   Availability explained
We have confirmation that this item is in stock with the supplier. It will be ordered in for you and dispatched immediately.
Language:   Irish

Table of Contents

Reviews

Author Information

Tab Content 6

Author Website:  

Customer Reviews

Recent Reviews

No review item found!

Add your own review!

Countries Available

All regions
Latest Reading Guide

RGJUNE2025

 

Shopping Cart
Your cart is empty
Shopping cart
Mailing List