|
|
|||
|
||||
Overview"Áirítear Isaac Asimov, an ""Dea-Dhochtúir"", ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe. Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta - an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta. Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge. Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir sé Fionlainnis ar cheithre leabhar Íoslainnise nuair a bhí sé óg. Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig ceithre leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar Howard Phillips Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa)." Full Product DetailsAuthor: Isaac Asimov , Panu Petteri Höglund , Mathew StauntonPublisher: Evertype Imprint: Evertype Dimensions: Width: 14.00cm , Height: 1.70cm , Length: 21.60cm Weight: 0.372kg ISBN: 9781782010807ISBN 10: 1782010807 Pages: 292 Publication Date: 20 October 2014 Audience: General/trade , General Format: Paperback Publisher's Status: Active Availability: In stock We have confirmation that this item is in stock with the supplier. It will be ordered in for you and dispatched immediately. Language: Irish Table of ContentsReviewsAuthor InformationTab Content 6Author Website:Countries AvailableAll regions |