|
![]() |
|||
|
||||
OverviewTá an Dhammapada ar cheann de na téacsanna is cáiliúla sa Bhúdachas. Cnuasach véarsaí gonta atá ann, a chuireann síos ar bhunphrionsabail an Bhúdachais i stíl thaitneamhach shothuigthe. Ní hionann is a lán téacsanna Búdaíocha, a mbíonn féith na teibíochta agus na saindiamhrachta le brath iontu, úsáideann an Dhammapada meafair nithiúla ón ngnáthshaol chun friotal a chur ar theagasc an chreidimh. Cuirfidh cuideanna den téacs gaois sheanfhocail na Gaeilge i gcuimhne don léitheoir, nó b'fhéidir parabail na soiscéalta Críostaí. Ní nach ionadh, tá sé ar na saothair is mó a bhfuil gean an phobail Bhúdaíoch air. Cad 'na thaobh gur thug mé faoi leagan Gaeilge a chur ar fáil den tsaothar seo? Spadhar éigin a bhuail mé, gan amhras, ach ní gan fáth. Cé nach Búdaí mé (agus ní ghéillim do gach aon tuairim atá le léamh sa Dhammapada), bhí suim agam riamh sna teagasca níos praiticiúla atá le fáil sa chreideamh--sin le rá, na modhanna praiticiúla atá ann chun dul i ngleic leis an saol. Cé gur ilghnéitheach ar fad an rud é an Búdachas, bíonn sé fréamhaithe sa tuiscint gur orainn féin a bhraitheann ár sonas. Níor shlánaitheoir é an Búda, ach teagascóir. Sa lá atá inniu ann, ar lú ná riamh ár n-iontaoibh i reiligiúin thraidisiúnta an Iarthair, is cuí súil a chaitheamh soir ar chreideamh an-difriúil a bhfuil dearcadh eile aige ar an saol, agus féachaint cad atá le foghlaim uaidh. Full Product DetailsAuthor: Scott Oser , Michael Everson , Bhikku ĀnandajotiPublisher: Evertype Imprint: Evertype Dimensions: Width: 14.00cm , Height: 1.10cm , Length: 21.60cm Weight: 0.236kg ISBN: 9781782012597ISBN 10: 1782012591 Pages: 182 Publication Date: 06 December 2019 Audience: General/trade , General Format: Paperback Publisher's Status: Active Availability: Available To Order ![]() We have confirmation that this item is in stock with the supplier. It will be ordered in for you and dispatched immediately. Language: Irish Table of ContentsReviewsAuthor InformationTab Content 6Author Website:Countries AvailableAll regions |